Cosaint Sonraí

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, atá i bhfeidhm ón 25 Bealtaine 2018, ceanglaítear ar eagraíochtaí caighdeán an-ard a chomhlíonadh maidir leis an dóigh a mbailíonn, a n-úsáideann agus a gcosnaíonn siad sonraí pearsanta.

Sonraí Pearsanta

Faisnéis is ea iadsonraí pearsanta lenar féidir duine aonair a shainaithint. Áirítear leis sin ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh (mar shampla, sonraí suímh a bhailítear le fón póca) nó seoladh poist, stair bhrabhsála ar líne, íomhánna nó rud ar bith a bhaineann le haitheantas coirp, síceolaíoch, géiniteach, meabhrach, eacnamaíoch cultúrtha nó sóisialta duine éigin.

Próiseáil

Ciallaíonn Próiseáiloibríocht nó sraith oibríochtaí ar bith a fheidhmítear ar shonraí pearsanta. Áirítear ar phróiseáil sonraí pearsanta a stóráil, a bhailiú, a aisghabháil, a úsáid, a chomhcheangal, a ghlanadh nó a scrios, agus d’fhéadfadh oibríocht uathoibrithe nó láimhe bheith i gceist.

Rialaitheoir Sonraí

Ciallaíonn rialaitheoir sonraí duine, cuideachta, nó comhlacht eile a chinneann cuspóirí agus modhanna phróiseáil an sonraí pearsanta.

Mar rialaitheoir sonraí, ní mór don Roinn Cumarsáide, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a chinntiú nuair a bheidh sonraí pearsanta á bpróiseáil aici go ndéanfaidh sí amhlaidh i gcomhréir leis na prionsabail um chosaint sonraí atá leagtha amach sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí faoi mar a leanas:

  1. iad a phróiseáil go dleathach, go cóir agus ar bhealach trédhearcach i ndáil le daoine aonair;
  2. iad a bhailiú le haghaidh cuspóirí sainithe, soiléire agus dlisteanacha agus gan tuilleadh próiseála dhéanamh orthu ar bhealach atá neamhréireach leis na cuspóirí sin; ní mheasfar go bhfuil tuilleadh próiseála chun críocha cartlannaithe ar mhaithe leis an bpobal, chun críocha eolaíochta nó stairiúla nó chun críocha staidrimh neamhréireach leis na cuspóirí tosaigh;
  3. go mbeidh siad leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha ar próiseáladh iad ina leith;
  4. go bhfuil siad cruinn agus, nuair is gá, coinnithe cothrom le dáta; ní mór gach beart réasúnta a dhéanamh lena chinntiú go ndéanfar sonraí pearsanta ar bith atá míchruinn maidir leis na críocha ar próiseáladh iad ina leith, a ghlanadh nó a cheartú gan aon mhoill;
  5. gan iad a choinneáil i bhfoirm lenar féidir ábhair shonraí a aithint ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá ar mhaithe leis na cuspóirí ar próiseáladh na sonraí pearsanta ina leith; féadfar sonraí pearsanta a stóráil ar feadh tréimhsí níos faide a mhéid is go ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha cartlannaithe ar mhaithe leis an bpobal, chun críocha stairiúla nó chun críocha staidrimh agus chun na críocha sin amháin faoi réir chur chun feidhme na mbeart teicniúil agus eagrúcháin cuí mar a cheanglaítear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí chun cearta agus saoirsí daoine aonair a chosaint.
  6. iad a phróiseáil ar bhealach lena gcinntítear slándáil chuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint i gcoinne próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach nó i gcoinne caillteanais de thimpiste, scriosta nó damáiste, ag baint úsáid as bearta teicniúla nó eagrúcháin cuí.

Ráiteas Priobháideachais

Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Sa ráiteas príobháideachais seo mínítear an dóigh a bpróiseálann an Roinn na sonraí pearsanta a sholáthraítear di, agus cad iad na cearta is féidir leat a fheidhmiú maidir le do shonraí pearsanta.

Beartas um Chosaint Sonraí

Sa Bheartas um Chosaint Sonraí ( i mBéarla amháin) leagtar amach tiomantas na Roinne do chearta agus do phríobháideachas daoine aonair a chosaint agus tugtar eolas ann faoin dóigh a gcinnteoimid go gcomhlíonfar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus reachtaíocht na hÉireann maidir le cosaint sonraí.

Iarratas ar Rochtain Ábhair

Tá an ceart agat deimhniú a fháil ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil faoi cibé an bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil nó nach bhfuil. Tá an ceart agat freisin cóip a fháil de na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil, chomh maith le faisnéis áirithe faoin bpróiseáil.
Conas Iarratas ar Rochtain Ábhair a dhéanamh

Teagmháil a Dhéanamh Linn

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Roinne, sonraí thíos:

An tOifigeach Cosanta Sonraí,
An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
Bóthar an Bhaile Nua,
Loch Garman
Ríomhphost: data.protection@housing.gov.ie
Teileafón: +353 (0)53 9117450