Nuacht & Tuarascálacha
San áireamh leis an gcuid seo tá nuashonruithe maidir le sonraí nua nó athruithe a rinneadh ar Myplan.ie. Is féidir doiciméid agus tuarascálacha a bhaineann leis an bpróiseas pleanála a aimsiú anseo. Chun alt a léamh ina iomláine ní gá ach cliceáil ar an nasc.
News
Tá sonraí Tascfhórsa Tithíochta Bhaile Átha Cliath (2020) ar fáil anois ar Myplan.ie. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.housing.gov.ie
News
Tá sonraí Suirbhé ar Thithíocht Neamhchríochnaithe (2020) ar fáil anois ar Myplan.ie. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.housing.gov.ie
News
Cuireadh sonraí tuilte screamhuisce le Myplan.ie. D’ullmhaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI), An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son ha hAeráide agus Comhshaoil na sonraí seo, i gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlaigh.
News
Tá mapáil tuilte Staidéir Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) agus Staidéar Straitéise um Chosaint Chósta na hÉireann (ICPSS) Oifig na nOibreacha Poiblí ar fáil anois ar Myplan.ie.
Myplan.ie Report
Forbraíodh ‘Generalised Zone Types’ (GZTs) go sonrach do thionscadal Myplan.ie. Léiríonn siad scéim sheasmhach chun criosuithe talamhúsáide a rangú ar fud na n-údarás áitiúil ar fad, agus cuireann siad le criosuithe reachtúla atá ann cheana a úsáidtear le haghaidh gach plean faoi leith.
Myplan.ie Report
Is éard atá i gceist le Sonraí Oscailte ná go gcuirfear na sonraí atá á gcoinneáil ag comhlachtaí poiblí ar fáil agus go mbeidh teacht go héasca orthu ar líne chun iad a athúsáid agus a athdháileadh. De bharr go bhfuil dul chun cinn déanta ag comhlachtaí poiblí i réimsí ar nós ríomhRialtas agus anailísíocht sonraí, tá soiléireacht níos mó ann maidir leis an bpoitéinseal a bhaineann le sonraí, Sonraí Oscailte ach go háirithe, chun cuidiú le buntáistí geilleagair, sóisialta agus daonlathacha a chur ar fáil.