Díolúintí Pleanála Gréine

Comhcheanglaíonn Rialacháin an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3) 2022 agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Crios Coimirce Gréine) 2022 tacaíochta atá i bhfeidhm anois, chun forálacha nuashonraithe a sholáthar maidir le díolúintí pleanála le haghaidh suiteálacha gréine ar an díon.

Leagann na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Crios Coimirce Gréine) 2022 amach 43 Chrios Cosanta Gréine (SSZanna) ar limistéir iad timpeall ar aerfoirt, aeradróim nó héileapadanna ina bhféadfadh sé go mbeadh tionchar ag gliondar nó dallrú ó phainéil ghréine ar shábháilteacht eitlíochta. Baineann teorainn mhéadair chearnach ar phainéil ghréine ar dhíon laistigh de na criosanna seo le gach cineál forbartha seachas tithe. Is féidir na SSZanna a fheiceáil anseo: Léarscáil de Chriosanna Cosanta Gréine.

Tá cóipeanna de Rialacháin an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3) 2022 agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Crios Coimirce Gréine) 2022 tacaíochta ar fáil ar shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.

Sonraí Tuilte Screamhuisce GSI

Cuireadh sonraí tuilte screamhuisce le Myplan.ie. D’ullmhaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann (GSI), An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son ha hAeráide agus Comhshaoil na sonraí seo, i  gcomhar le Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlaigh don Tionscadal Tuilte GW, 2016 – 2019.

Ullmhaíodh na léarscáileanna chun aghaidh a thabhairt ar easnamh sonraí tuilte screamhuisce agus chun cuidiú le páirtithe leasmhara cinntí eolaíocha a dhéanamh maidir le baol tuilte screamhuisce in Éirinn. Ní comhairle iad na léarscáileanna agus ní sé beartaithe go mbeidis mar chomhairle. Ba cheart comhairle ghairmiúil nó speisialtóra a lorg sula ndéanfar nó go staonfar ó aon ghníomh ar bhonn na léarscáileanna tuilte.

Le haghaidh eolais comhthéacsúil lena n-áirítear Nótaí Treoracha, Tuarascáil Tionscadail agus Láithreáin Gréasáin an Tionscadail féach na naisc seo thíos le do thoil:

Nótaí Treoracha

Tuarascáil

Tuilte Screamhuisce

Suirbhéireacht Gheolaíochta Éireann

Tarlaíonn tuilte screamhuisce nuair a ardaíonn an t-uisce a stóráiltear faoin talamh os cionn dromchla na talún. In Éirinn, baineann an cineál is fairsinge de thuilte screamhuisce le báisteach fhada, rud is cúis le maoschlár sna ceantair ísealchríocha aolchloiche in iarthar na tíre.

Léiríonn na Léarscáileanna Dóchúlachta Tuilte Screamhuisce méid tuilte dóchúil na tuilte screamhuisce i réigiúin aolchloiche.  Tá na léarscáileanna seo dírithe go príomha (ach ní go hiomlán) ar thuilte ag bogaigh a bhíonn faoi uisce go séasúrach ar a dtugtar turlaigh. Ba chóir a thabhairt faoi dheara go bhfuil na léarscáileanna tuartha teoranta do cheantair ina raibh an pátrún tuile inbhraite agus inar féidir é a shamhaltú go hidreolaíoch go leibhéal muiníne leordhóthanach.  

Léiríonn an léarscáil tuile Screamhuisce Uasta Stairiúil an méid tuilte is mó a breathnaíodh do shuíomhanna le tuilte athfhillteacha screamhuisce i réigiúin aolchloiche. Tá an léarscáil bunaithe go príomha ar eachtra tuile an gheimhridh 2015/2016, a léirigh an eachtra tuile screamhuisce is mó dár taifeadadh riamh i bhformhór ceantar.  Léiríonn léarscáil Tuilte  Uisce Dromchla an Gheimhridh 2015/2016 tuilte abhann (aibhneacha) agus báistiúil (báisteach) in Éirinn, seachas ceantair uirbeacha, le linn eachtra tuile 2015/2016.

Mapáil Tuilte OOP

Léarscáileanna Tuilte CFRAM agus ICPSS

Táirgeadh Léarscáileanna Tuilte CFRAM atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo tríd an gClár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) agus trí thionscadail eile leis na hÚdaráis Áitiúla. Forbraíodh iad de réir an tsainmhínithe ar na Criosanna Tuilte mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ar an gCóras Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte (DHPLG / OPW, 2009). Tá treoir maidir leis na Mapaí Tuilte ar fáil ag www.floodinfo.ie/map/general_map_user_guidance_notes/ agus tá tuilleadh eolais ar na léarscáileanna tuilte agus ar an gClár CFRAM ar fáil ag www.floodinfo.ie. Tá sé mar choinníoll maidir le húsáid na Léarscáileanna Tuilte ar an amharcóir léarscáileanna MyPlan.ie go n-aontaíonn tú a bheith faoi cheangal ag an séanadh agus téarmaí agus coinníollacha eile chun na Léarscáileanna Tuilte a úsáid. 

Is staidéar náisiúnta é Staidéar Straitéise um Chosaint Chósta na hÉireann (ICPSS) a coimisiúnaíodh i 2003 agus é mar aidhm aige faisnéis a sholáthar chun tacú le cinnteoireacht maidir leis an mbealach is fearr chun rioscaí a bhaineann le tuilte cósta agus creimeadh cósta a bhainistiú. Tugadh an Staidéar chun críche in 2013 agus soláthraíonn sé léarscáileanna guaiseacha tuilte cósta agus léarscáileanna straitéiseacha creimthe cósta don am i láthair agus don todhchaí (suas go dtí 2100) i ndáil leis an gcósta náisiúnta. Soláthraíonn an mórstaidéar seo faisnéis luachmhar agus riachtanach a bhfuil gá leis chun beartas a threorú sa réimse seo, go háirithe d’údaráis áitiúla maidir le pleanáil agus forbairt cheart na gceantar cósta.