Mapáil Tuilte OOP

Léarscáileanna Tuilte CFRAM agus ICPSS

Táirgeadh Léarscáileanna Tuilte CFRAM atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo tríd an gClár Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) agus trí thionscadail eile leis na hÚdaráis Áitiúla. Forbraíodh iad de réir an tsainmhínithe ar na Criosanna Tuilte mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ar an gCóras Pleanála agus Bainistíocht Riosca Tuilte (DHPLG / OPW, 2009). Tá treoir maidir leis na Mapaí Tuilte ar fáil ag www.floodinfo.ie/map/general_map_user_guidance_notes/ agus tá tuilleadh eolais ar na léarscáileanna tuilte agus ar an gClár CFRAM ar fáil ag www.floodinfo.ie. Tá sé mar choinníoll maidir le húsáid na Léarscáileanna Tuilte ar an amharcóir léarscáileanna MyPlan.ie go n-aontaíonn tú a bheith faoi cheangal ag an séanadh agus téarmaí agus coinníollacha eile chun na Léarscáileanna Tuilte a úsáid. 

Is staidéar náisiúnta é Staidéar Straitéise um Chosaint Chósta na hÉireann (ICPSS) a coimisiúnaíodh i 2003 agus é mar aidhm aige faisnéis a sholáthar chun tacú le cinnteoireacht maidir leis an mbealach is fearr chun rioscaí a bhaineann le tuilte cósta agus creimeadh cósta a bhainistiú. Tugadh an Staidéar chun críche in 2013 agus soláthraíonn sé léarscáileanna guaiseacha tuilte cósta agus léarscáileanna straitéiseacha creimthe cósta don am i láthair agus don todhchaí (suas go dtí 2100) i ndáil leis an gcósta náisiúnta. Soláthraíonn an mórstaidéar seo faisnéis luachmhar agus riachtanach a bhfuil gá leis chun beartas a threorú sa réimse seo, go háirithe d’údaráis áitiúla maidir le pleanáil agus forbairt cheart na gceantar cósta.